
1.3K
Downloads
42
Episodes
Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge.
Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe.
Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
Episodes

Jul 10, 2026
Jul 10, 2026
37 min
Tá foireann RRR ar fad le chéile don eagrán seo chun sceideal Phicnic Leictreach, bainis Taylor Swift, ceol nua Charli xcx agus go leor leor eile a phlé!
Lean sinn ar na meáin shóisialta ag @raidiorira <3

Jul 7, 2026
Jul 7, 2026
10 min
Labhair Aisling leis an scríbhneoir Seán Keeley faoin ngearrscannán is déanaí leis darb ainm 'An Mháthair', a bheidh le feiscint an tseachtain seo mar chuid de Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe.
Gach eolas faoi na ticéid anseo: https://tht.ie/

Jul 6, 2026
Jul 6, 2026
24 min
Labhair Aisling le Caoimhe Ní Mhaolagáin, rinceoir agus ceoltóir, atá ag iarraidh cultúr an cheoil thraidisiúnta a dhéanamh níos inrochtana do chách tríd a leathanach instagram @ceol_s_cos
Tá sí tar éis an domhan a thaisteal ag seinm agus ag rince agus ba mhaith léi gach rud atá foghlamtha aici i gcaitheamh na mblianta a roinnt le hoiread daoine agus is féidir.

Jul 3, 2026
Jul 3, 2026
44 min
Bhí deis ag Jade suí síos agus labhairt leis an gceoltóir agus ealaíontóir Blue Niall ar choinne chultúir na seachtaine, idir cúrsaí ceoil go ceist an choilíneachais is beag ábhar nár chlúdaigh siad.

Jul 3, 2026
Jul 3, 2026
19 min
Táimid ag dul ó thuaidh ar eagrán na seachtaine seo go baile beag gaelach i gcontae Dhoire darb ainm Carn Tóchair. Seans nár chuala cuid agaibh faoin mbaile seo cheana, ach le déanaí mhol coiste Oireachtais na Gaeilge go mbeadh sé ina pholasaí ag an Rialtas múnla Charn Tóchair a leanúint chun ceantair ‘Ghaeltachta’ a fhorbairt i ngach contae sa tír taobh istigh de 20 bliain. Siar i 1992, bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair le dul i ngleic le bánú an cheantair. Theastaigh uathu pobal tuaithe inbhuanaithe a chruthú, le daoine folláine, sona agus muiníneacha. Agus é sin ar fad a dhénamah trí Ghaeilge. Breis is 30 bliain ar aghaidh, tá an áit faoi bhláth. Labhair Aisling le Clíodhna Ní Mhianáin le tuilleadh a fhoghlaim faoin bpobal álainn seo agus le cúis a ratha a fhiosrú.

Jun 19, 2026
Jun 19, 2026
12 min
An bhfuil ardán meán sóisialta Gaeilge uait? Gan IS? Gan fógraí? Sin atá i gceist le Cogar! Labhair Aisling le cruthatheoir na haipe, Rónán Ó Laoire, ar eagrán na seachtaine seo.

Jun 18, 2026
Jun 18, 2026
23 min
I ndiaidh na gcíréabacha lofa a thit amach i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, theastaigh ó fhoireann RRR solas a leagadh ar cheoltóirí Éireannacha le dath a chuireann go mór lenár gcultúr,le ceol agus le hanam na tíre seo.
Ceol luaite san eagrán:
- Amano - Thread
- Aby Coulibally - Control
- Monjola - Weight On Me
- Cable Boy - Icarus
- Bukky - don't tell them you suffer
- Mohammad Syfhkan - I am Kurdish
Nasc le hairgead a dheonú do na daoine a bhí buailte ag na círéabacha: https://chuffed.org/project/185445-support-people-and-groups-impacted-by-racist-attacks

Jun 15, 2026
Jun 15, 2026
18 min
Ar eagrán na seachtaine seo labhair Aisling le Conchúr Ó Giollagán faoin dtorga Eorpach Fosterlang atá ag iarraidh pobail mhionteangacha na hEorpa a chumasú agus a neartú le go bhfásfaidh said agus go mbeidh siad an fhód a sheasamh i gcoinne mórtheangacha an domhain sa todhchaí. Is féidir leatsa cabhrú lena gcuid oibre tríd an suirbhé Gaeilge a líonadh isteach atá ar fáil anseo: https://odk.al.uw.edu.pl/-/single/JbgcKEOaVC3FOQGaO112EcuTxAGPtg4?st=UZok4!e2jWBIoKud9KZDihGStKAYEAbYI2fhrZgsBlBGQk7QFZTa3C8m9OV8ioRL

Jun 12, 2026
Jun 12, 2026
32 min
Tá mí an bhróid bualite linn agus labhair Aisling le baill Aerach Aiteach Gaelach faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl acu i gcaitheamh na míosa idir bál agus comhdháil. Is féidir ticéad a fháil do na himeachtaí atá luaite ar https://www.aerachaiteachgaelach.net/
Is féidir tacú le Raidió Rí-Rá trí sinn a leanúint ar na meáin shóisialta.

Jun 11, 2026
Jun 11, 2026
42 min
Pléann Emma & Aisling cuid de na gigeanna a sheas amach dóibh le déanaí agus tugann siad léirmheas iomlán ar chéad albam Rua Rí 'Tell Your Mother I Saved Your Life'.
